Ba ghnách lena athair carranna beithígh a thógáil. Bhí John é féin ag adhmadóireacht fosta agus á ndéanamh fosta. Bhí sé ag obair ar scoil Naomh Fionán in 1950, ceithre seomra ranga a bhí ann. Conraitheoir as Leitir Ceanainn a bhí ag obair air. D’oibir sé in Leitir Ceanainn agus i nGaoth Dobhair fosta le Malachy Burke, d’oibir sé ar thógáil stáisiún Raidió na Gaeltachta. D’oibir sé ar thógáil theach phobail Naomh Fionan ar na Croisbhealaigh fosta.
00:06:34
Bhí siad ag tógáil eallaigh. Tá athrach mór tagtha ar an tsaol anois. Tá an Ghaeilge beagán ar shiúl i nDroim na Tine. D’athraigh teacht an leictreachais rudaí go mór fosta, uirlisí agus mar sin de. In am John, chaitheadh fios do ghnoithe / do cheird a bheith agat, ach anois níl an oiread eolais de dhith orthu le jab a dhéanamh. D’fhoghlaim John óna athair. Bhíodh a athair ag déanamh tobainn fosta.